Seoladh 1, 2, Spraoi

Seoladh an togra nuálaíoch sa scéalaíocht mhatamataice, ‘1,2, Spraoi’, i nGaelscoil Bhaile Munna, BÁC 11 le linn Sheachtain na Gaeilge 2024. Tá dhá scoil Ghaeltachta, i gConamara agus i Ráth Chairn, páirteach ann freisin.

An aidhm atá leis an dtogra spleodrach seo ná deis a thabhairt do dhaltaí as na hardranganna forbairt a dhéanamh ar a dteanga agus ar a gcuid smaointeoireachta mhatamaiticiúil trí mheán na scríbhneoireachta chruthaitheach.

Is comhthogra é seo idir an Dr Lorraine Harbison, Ollamh Comhlach in Oideachas Matamaitice i DCU agus ball de chuid CASTeL, Tríona Nic Fhinn ón gComhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, agus Seirce Mhac Conghail, Nóra Nic Con Ultaigh agus Bríd-Treasa Wyndham ón ionad scríbhneoireacht chruthaitheach Fighting Words.

Beidh daltaí ón trí scoil ag scríobh scéalta mata. Beidh na daltaí ag smaoineamh go matamaiticiúil agus ag plé cúrsaí mata agus iad ag cumadh a gcuid scéalta.

Mar ionspráid tá trí scéal mata le léamh acu i dtús báire. Is ábhair oidí as DCU le speisialtóireacht sa mhata a scríobh na scéalta. Is scéalta eachtrúla iad seo a bhfuil coincheapa matamaitice fite fuaite síos tríothu. Caithfidh daltaí an pátrún gadaíochta a aithint sa scéal ‘Réiteach na Rósanna’ chun an mistéir a réiteach nó caithfidh siad cabhrú le Tic Toc Crog a bheith in am don chóisir.

I gcás an scéil ‘Cad é an Seans?’ tá air na daltaí deireadh an scéil a chumadh iad féin. Caithfidh siad oibriú amach cén dóchúlacht atá ann go sroichfidh Anraí Sonraí nó Síle Dísle an taisce ar dtús.

Tá na scéalta seo ar fáil do chách ar www.mathscify.org.

 

Seachtain na Gaeilge 2024 saw the launch of an innovative mathematical storytelling initiative in Gaelscoil Bhaile Munna, Dublin, and two Gaeltacht schools, one in Connemara, Galway, and the other in Ráth Chairn, Meath.

The aim of this initiative is to provide students in the upper primary years with an opportunity to develop their thinking as well as their use of language in mathematics.

1, 2, Spraoi, is a unique collaboration between our CASTeL member, Dr Lorraine Harbison, with Tríona Nic Fhionn, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, and the Fighting Words team, Seirce Mhac Conghail, Nora Nic Con Ultaigh, and Bríd-Treasa Wyndham. Together they have worked with three stories, written by DCU preservice primary teachers as part of their major specialism in mathematics education, to make these stories accessible and meaningful to students in the Irish Medium Education sector.

Recasting mathematical concepts into a narrative, the stories take on an adventurous format. Students must identify the pattern of robberies to capture the pet-thief, or help Tic, Toc, Croc to make it to the party on time.

The third story is a cliff-hanger. Students must use imagination and creativity to finish the story and decide the probability of who will make it to the hidden treasure first.

These stories are freely available for all to use on www.mathscify.org.